Home
Seachtain na Gaeilge 2017
IMG_6135

Seachtain na Gaeilge 2017

Seachtain na Gaeilge 2017

Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl inár scoil i mbliana don Sheachtain na Gaeilge.D’eagraigh na múinteoirí Gaeilge imeachtaí den chéad scoth. Thosaigh muid le céilí ar an Luan.Bhí tráth na gceist againn ar an Máirt. Bhí gearrscannán na Gaeilge againn ar an gCéadaoin. Bhí comórtas amhrán le ceoltóirí ag muintir na chéad bhliana agus ar ndóigh bhí bronnadh na nduaiseanna ar siúl sa halla ar an Déardaoin. Bhuaigh rang 1 Gifford: Ms Walsh an comórtais amhrán! Bhí na himeachtaí ar fad trí mhéan na Gaeilge.Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil chuig Bainistíocht na Scoile (Mrs. Bourke & Ms. O’Donnell), na múinteoirí Gaeilge, an Roinn Ceoil agus chuig na ceoltóirí ar fad!

 

IMG_6172 IMG_6191 IMG_6155 IMG_6135